Tuesday, August 20, 2013

LION KING LURGAN Rtweet Rshare to Release Martin Corey #ReleaseMartinCorey








Published on Aug 9, 2013
Íoslódáil MP3 anseo: http://bit.ly/AviciiVsLurgan
Liricí thíos:
Stiofán Ó Fearail in éineacht le scoláirí & foireann chúrsa C lena leagan féin de "Wake Me Up" le Avicii.
Chuaigh an t-úfás oibre agus réiteach isteach sa bhfíseán ceoil seo agus tá súil againn go dtaitneoidh sé libh

Fáinne fí i gcoim na hoíche.
(Níl) 'tada riamh nach mbíonn thart.
Diabhail fhios a'm cá bhfuil deireadh mo scéil
Ach táim ar an mbealach ceart.

Deir siad liom gan a dhul sa tseans,
Nach dtagann ciall roimh aois.
Bhuel 'sé m'aistear é, Ní léir cén fhad a mhairfidh sé,
'Sé togha ar aon chaoi.

So Lig mé saor ón suan 'tá orm.
(Tai)speáin 'om bóthar éasca cothrom.
Bainfidh mé ceann scríbe amach, sí m'aidhm,
Cíbe treo átá i ndán.

(Tá) Mé ag iompar úalach mór an tsaoil
Ach níl a'm ach péire lámh.
Suile troma is an ghrian a dhul faoi
Ach ní chodlaíonn mé go sámh.

"Bris amach agus tú fós sach óg."
Chinnigh mé le dul in aghaidh.
Seo mo ré, Seasfaidh mé an fód,
'S leanfaidh mé ar aghaidh.

English translation of lyrics:
http://ancroiait.wordpress.com/2013/0...

Amhránaí: Stiofán Ó Fearail as Seo Linn
https://www.facebook.com/seolinnoifig...

Foireann Camera: Tree Light Pictures
www.treelightpictures.ie

Foireann Solas: Blacklight
http://www.blacklight.ie/

Published on Jul 15, 2013

LION KING 




  • LYRICÍ THÍOS ANSEO

    Íoslódáil MP3: http://bit.ly/LionKingLurgan

    Cór chúrsa B faoi stiúir Jenny Ní Ruiséil. An chéad ceann de thraiceanna cúrsa B atá á chuir beo. Beidh liricí agus nasc chun mp3 a íoslódáil a chur anseo go luath. Coinnigí ag faire!

    'Nois is muid tagtha, bígí linn go luath,
    (Beidh sí a'ainn, go luath)
    'Nois, is muid tagtha, bígí linn le bhur gcroí, uilig le chéile
    (Beidh sí a'ainn, dúinne an t-am, dúinne an t-am)

    (Tiocfaimid le chéile lenár dteanga)

    Vearsa:

    Ón lá gur leag muid ár gcos ar an talamh,
    Comh fíor leis an ngrian os ár gcionn
    Ár nglór ag tabhairt faoi, rud nár chuala siad riamh
    I bfhad níos mó, ma thagann tú liom

    Go leor anseo linn inár dtír,
    Nach mbeadh daoine in ann a thiontú
    Ach an las' ar mo aghaidh, dath nach féidir a roinnt,
    'Sé ag rá, go n-éiróidh linn

    I roth mór an tsaoil
    D'ár gcasadh fós,
    Ón maitheas go holc,
    Muinín is grá
    Go rachfaimid,
    Ár shlí fhéin, san roth mór
    Roth mór an tsaoil

    I roth mór an tsaoil
    D'ár gcasadh fós,
    Ón maitheas go holc,
    Muinín is grá
    Go rachfaimid,
    Ár shlí fhéin, san roth mór
    Roth mór an tsaoil










    "Pompeii" le Bastille as Gaeilge

     Íoslódáil Mp3 anseo: http://bit.ly/PompeiiAsGaeilge

    Keith Ó Briain in éineacht leis na ranganna sóisir (Cúrsa B) ag canadh leagan breá den amhrán Pompeii le Bastille. Leagan na rangann sinsir d'amhrán leis na "Imagine Dragons" ag teacht amach an tseachtain seo chugainn. -- Coinnigí ag breathnú amach dó.


    Uair a bhí me ag ligeann scíth
    Rith smaoineamh liom
    Mol an óige 's tiocfaidh sí
    Mar is dual di

    'S muid ag lorg ár n- áit
    Dár dtír bheag álainn
    In san domhan
    Tá ár tseoid fhéin a'inn
    Ach í a labhairt amach le cion

    Ach dún do shúil(e) go ciúin
    Agus samhlaigh
    Go bhfuil sí fós a'inn inár gcroí(the)
    'S bí brionglóid go suan
    Agus cuimhnigh
    Bhí sí linn ón gcéad lá riamh

    Gabhadh muid ó neart go neart ar scáth a chéile
    Gabhadh muid ó neart go neart ar scáth a chéile

    Tá mo chroí dóchasach
    Feicim fíor na spéire
    Íomhá is deise liom
    Éirigh na gréine

    'S muid ag lorg ár n- áit
    Dár dtír bheag álainn
    In san domhan
    Tá ár tseoid fhéin a'inn
    Ach í a labhairt amach le cion

    Déan do chuid fhéin ar a son
    Sé suas dhuitse 's dhom




    www.releasemartincorey.com/

No comments: